Leabhair
Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh
Foilsíodh *Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh* den chéad uair sa bhliain 1934. Tugann an leabhar le chéile na hamhráin, na scéalta agus an taighde atá taobh thiar díobh, agus is beag duine a chonaic nó a chuala cuid mhór acu le beagnach céad bliain anuas. Caomhnaítear bunfhocail na n-amhrán i nGaeilge Uladh san eagrán úr seo, agus cuirtear an taighde a ghabhann leo ar fáil do ghlúin úr amhránaithe, ceoltóirí agus léitheoirí.
ISBN
978-1-06-693010-4
Formáid
Clúdach crua
Dáta foilseacháin
21 November 2026
Digiteach
The Henry Morris Project
Is é enri.ie — Tionscadal Énrí Ó Muirgheasa ár bpríomhthionscadal. Tá 3 bliain caite againn ag tras-scríobh shaothar Énrí Uí Mhuirgheasa. Is obair leanúnach athbheochana é an tionscadal seo, a thugann deiseanna úra d'amhráin agus do sheanfhocla Uladh.
Dáta foilseacháin
21 May 2026—present