Fearadh na fáilte romhat go Cló Seoighe.

Is foilsitheoir neamhspleách é Cló Seoighe. Is é ár misean sean-téacsanna Gaeilge a thras-scríobh, a aistriú agus a chur ar fáil don phobal, agus iad a fhoilsiú i bhfoirm leabhair chlóite agus ar an ghréasán.

Ba é Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh an ceann deireanach de mhórchnuasaigh iontacha amhrán Énrí Uí Mhuirgheasa, a foilsíodh den chéad uair sa bhliain 1934. San eagrán úr seo, den chéad uair le beagnach céad bliain, tá nótaí cuimsitheacha ar na hamhráin ar fáil don phobal, in éineacht le bunfhocail na n-amhrán i nGaeilge Uladh.

Tá an leabhar seo ag gabháil lenár bpríomhthionscadal, Tionscadal Énrí Ó Muirgheasa, atá ar fáil ag enri.ie.

Nótaí