Tá lúcháir ar Chló Seoighe (comhlacht foilsitheoira Thionscadal Énrí Ó Muirgheasa), i gcomhar le siopa leabhar An Ceathrú Póilí, a fhógairt go seolfar Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh i nDánlann Dillon sa Chultúrlann, Dé Sathairn, 21ú Samhain 2026, ar 1in.
Is toradh é an t-eagrán úr seo ar thrí bliana de thras-scríobh, d’aistriúchán agus de thaighde, mar chuid de Thionscadal Énrí Ó Muirgheasa, saothar grá a bhfuil sé mar aidhm aige oidhreacht shaibhir Énrí Uí Mhuirgheasa a chaomhnú agus a chur ar fáil don phobal.
Foilsíodh Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh den chéad uair sa bhliain 1934. Tá amhráin, scéalta agus taighde le fáil sa chnuasach nach bhfacthas ná nár canadh cuid mhór díobh le beagnach céad bliain. Caomhnaítear na bunliricí i nGaeilge Uladh san eagrán úr seo, agus tá an taighde a ghabhann leo curtha ar fáil do ghlúin úr amhránaithe, ceoltóirí agus léitheoirí.
Beidh Robbi i gcomhrá lena chara, an t-aisteoir agus iriseoir Dónall Mac Giolla Chóill, le labhairt faoin turas a bhain leis an leabhar a thabhairt chun críche agus, thar aon rud eile, le ceiliúradh a dhéanamh ar na daoine, ar an teanga agus ar an oidhreacht cheoil atá caomhnaithe ann.
Gabhaimid buíochas ó chroí le gach aon duine a thug tacaíocht don tionscadal agus a chuidigh linn na hamhráin seo a thabhairt ar ais don phobal. Tá fáilte chroíúil roimh gach aon duine bheith linn ar an lá speisialta seo.
Is féidir an leabhar a réamhordú go heisiach ó An Ceathrú Póilí, agus beidh sé ar fáil ar fud na hÉireann i ndiaidh a sheolta.
Sonraí
Dé Sathairn, 21ú Samhain 2026
Dánlann Dillon, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Bóthar na bhFál, Béal Feirste BT12 6AH
Nótai
Is féidir le siopaí in Éirinn an leabhar a ordú díreach ó ÁIS, ais@forasnagaeilge.ie | +353 1 661 6522.
ISBN: 9781066930104